Notifications
You must be signed in to change notification settings - Fork 0
Expand file tree

Copy pathbrollach.html
More file actions
94 lines (91 loc) · 4.57 KB

brollach.html
File metadata and controls
94 lines (91 loc) · 4.57 KB
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
67
68
69
70
71
72
73
74
75
76
77
78
79
80
81
82
83
84
85
86
87
88
89
90
91
92
93
94

A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H |
I |
L |
M |
N |
O |
P |
R |
S |
T |
U |
V

“Is iomaí cor i saol an fhocail”

An aidhm atá agam leis an suíomh seo ná “droichead” a sholáthar do
scoláirí na Gaeilge nó d'aon duine a bhfuil suim aige/aici
i sanasaíocht na Gaeilge idir
príomhfhoclóir na Nua-Ghaeilge
(Foclóir Gaeilge-Béarla (FGB), mar atá sé ar
teanglann.ie)
agus príomhfhoclóir na Meán/Sean-Ghaeilge
(Dictionary of the Irish Language (DIL), foilsithe ag
Acadamh Ríoga na hÉireann agus ar fáil i bhfoirm leictreonach ar
dil.ie).

Bhunaigh mé na nascanna anseo ar na cinn a bhailigh
Tomás de Bhaldraithe ina Innéacs Nua-Ghaeilge,
foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1977.
Tá mé buíoch de lucht an Acadaimh as cead a thabhairt dom
an acmhainn luachmhar seo a chur ar fáil ar líne
(tháinig an t-athfhriotal sa gceannteideal thuas as an Innéacs freisin).
D'athraigh agus d'fheabhsaigh mé an t-ábhar san Innéacs ar go leor
bealaí sa chaoi go mbeadh sé níos éasca na hipearnascanna
ar an suíomh seo a chruthú:

Chuir mé ranna cainte le gach focal ar an taobh FGB (níl aon ranna cainte
san Innéacs), agus is mór an cúnamh é seo nuair is gá
idirdhealú a dhéanamh idir dhá fhocal leis an litriú céanna (go háirithe
ainmfhocail agus aidiachtaí).

Déanann an tInnéacs idirdhealú anois is arís le sainmhínithe i mBéarla,
m.sh. barrann 'surpass' vs. barrann 'hinder'.
Rinne mé mapáil de láimh ó gach ceann de na hiontrálacha seo go dtí ceannfhocal
ar leith in FGB (sa dá shampla seo, barr3
agus barr4).

Uaireanta, nuair atá níos mó ná iontráil amháin leis an litriú céanna in DIL, tugann
an tInnéacs uimhir an cheannfhocail atá i gceist
(m.sh. acht 3, acht 4, acht 6, srl.), ach faraor ní dhéanann sé i gcónaí.
Chuir mé uimhreacha le gach iontráil DIL aon uair ba ghá leis.

Nuair a bhí litriú malartach sa Nua-Ghaeilge níos gaire don litriú in DIL,
roghnaigh de Bhaldraithe an litriú malartach i gcónaí (luann sé geafta : gepta
sa Réamhrá). Ach, toisc nach féidir na focail seo a nascadh ar teanglann.ie i gcónaí, chuir mé
ceannfhocal FGB in áit aon litriú malartach san Innéacs.

Baineadh úsáid as giorrúcháin go minic san Innéacs
(m.sh. ciamhair, -e : ciabair, ciamair, -e). Leathnaigh mé
na giorrúcháin go léir, rud a bhí measartha casta mar gheall ar chásanna
le níos mó ná iarmhír shimplí (e.g. crístamail, -mlacht, srl.).

Is é an aimsir láithreach a úsáideann an tInnéacs i gcás briathra,
(m.sh. diomlaíonn); chuir mé an modh ordaitheach uatha ina áit sin
(m.sh. diomail) chun nascanna a chruthú, toisc gurb é sin an ceannfhocal
a úsáideann FGB do bhriathra.

D'fhág de Bhaldraithe síntí fada ar lár d'aon turas ar ghutaí ar nós
ae, oe, eo, ua, ia; chuir mé na síntí fada ar ais nuair a bhí siad
ag teastáil chun nasc a dhéanamh le ceannfhocal in eDIL.

Faraor bhí orm na céadta fadhbanna litrithe san Innéacs a cheartú,
an chuid is mó acu ar thaobh DIL, toisc nárbh ionann iad agus na litrithe
sa leagan priontáilte nó in eDIL féin
(m.sh. deithnesech → deithnesach, eterchert → etercert,
meanmnaigid → menmnaigid, sligén → slicén,
srl.; tá an liosta ar fad agam má tá suim ag éinne ann).

Nuair nach bhfuil an focal nasctha ina cheannfhocal in DIL,
soláthraíonn an tInnéacs an leathanach agus uimhir na líne ar a bhfuil sé
(m.sh. ceannliath : cenn 127.43).
Sa leagan is déanaí de eDIL, ní féidir hipearnasc a dhéanamh le
fo-iontrálacha den sórt sin; dá bharr seo tugaim nasc leis an gceannfhocal
agus caithfidh tú cuardach a dhéanamh ón bpointe sin.

Tá mé an-bhuíoch de Chaoimhín Ó Donnaíle ó Sabhal Mòr Ostaig a thug
an-spreagadh agus comhairle dom nuair a bhí mé ag obair ar an tionscadal seo.